Translations:Policy:Terms of Use/11b/ga

From Wikimedia Foundation Governance Wiki
Revision as of 20:54, 29 April 2024 by NAramayo-WMF (talk | contribs)
(diff) ← Older revision | Latest revision (diff) | Newer revision → (diff)

Tá Fondúireacht Wikimedia tiomanta d’fhás, d’fhorbairt agus do dháileadh ábhar ilteangach saor in aisce a spreagadh, agus d’ábhar iomlán na dTionscadal vicíbhunaithe seo a óstáil saor in aisce don phobal. Is é an ról atá againn ná cuid de na Tionscadail tagartha is mó ar domhan a bhfuil eagarthóireacht chomhoibríoch déanta orthu a óstáil, [$1|ar féidir iad a fháil anseo]. Mar sin féin, ní ghníomhaímid ach mar sholáthraí seirbhíse óstála, ag cothabháil an bhonneagair agus an chreata eagrúcháin. Cuireann an bonneagar agus an creat seo ar chumas ár n-úsáideoirí na Tionscadail a thógáil trí ábhar a chur leis agus a chur in eagar iad féin. Ligeann siad dár n-úsáideoirí an t-ábhar sin a athúsáid freisin. Cuimsíonn an bonneagar a choinnímid bonneagar teicneolaíochta speisialaithe a chuireann ar chumas úsáideoirí idirghníomhú agus athúsáid a dhéanamh ar ábhar ar Thionscadail (dá ngairtear “Comhéadan Feidhmchláir” nó “APInna”), agus feidhmchláir mhóibíleacha.